[{{mminutes}}:{{sseconds}}] X
Пользователь приглашает вас присоединиться к открытой игре игре с друзьями .
Обычный ирландский
(3)       Используют 6 человек

Комментарии

Мультилингва 15 августа 2018
Словарь включён в программу мероприятия [18.07.18 - 07.09.18] Мультилингва МЕГА 2.
Написать тут
Описание:
Тексты длиной 270-300 символов
Автор:
Phemmer
Создан:
25 декабря 2017 в 20:46
Публичный:
Нет
Тип словаря:
Тексты
Цельные тексты, разделяемые пустой строкой (единственный текст на словарь также допускается).
Содержание:
1 Dá mbeadh struchtúr ardleibhéil i réim leis na húdaráis agus le hionchur ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, creideann Conradh na Gaeilge go mbeadh pleananna forfheidhmithe i bhfad níos dúshlánaí, níos uaillmhianaí, níos fadradharcaí agus níos comhtháite ann chun an teanga a chur chun cinn.
2 Is é an príomhdhualgas a bheidh ar an gCoiste Logainmneacha comhairle a chur ar an Aire Stáit maidir le leaganacha údarásacha Gaeilge de logainmneacha an Stáit sula dtugtar stádas dlíthiúil dóibh trí orduithe logainmneacha. Is trí chóras ar líne go príomha a dhéanfaidh an coiste a chuid oibre.
3 Beidh cead isteach saor in aisce i gceist. Sa chéad chuid den oíche, beidh ceardlann teanga agus amhránaíochta ar siúl. Múinfear comhrá simplí i gceithre theanga éagsúla don lucht éisteachta agus tabharfar deis dóibh ansin siúl timpeall an tseomra agus na comhráite sin a chleachtadh lena chéile.
4 Dá mbeadh struchtúr ardleibhéil i réim leis na húdaráis agus le hionchur ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, creideann Conradh na Gaeilge go mbeadh pleananna forfheidhmithe i bhfad níos dúshlánaí, níos uaillmhianaí, níos fadradharcaí agus níos comhtháite ann chun an teanga a chur chun cinn.
5 Cuireann an Ciste forbairt inbhuanaithe chun cinn trí chabhair a thabhairt do thionscadail chomhshaoil neamhbhrabúis ar scála beag go háitiúil. Cuirfear ciste chomhfhreagrach ar fáil ag na húdaráis áitiúla, agus d'fhéadfadh na tionscadail maoiniú a fháil ó eagraíochtaí eile freisin.
6 Is é an príomhdhualgas a bheidh ar an gCoiste Logainmneacha comhairle a chur ar an Aire Stáit maidir le leaganacha údarásacha Gaeilge de logainmneacha an Stáit sula dtugtar stádas dlíthiúil dóibh trí orduithe logainmneacha. Is trí chóras ar líne go príomha a dhéanfaidh an coiste a chuid oibre.
7 Mura ndéanfaimid é seo caillfimid an t-iontaobhas atá ag ár gcomharsana ionainn agus ní maith an rud é sin don tír. Mar sin féin, is Éireannaigh muid chomh maith le hEorpaigh. Tá rathúlacht na huachtaránachta ag brath ar Éirinn ag déanamh an rud is fearr a dhéanann sí, sin an tÉireannachas a léiriú.
8 Bhí clár an lae le fáil i dteangacha eile chomh maith. Ní fhaca mé an Ghaeilge in aon áit. Cheap mé go raibh sé seo suimiúil mar dá mbeadh eachtrannach ag breathnú ar shuíomh oifigiúil na huachtaránachta, bheadh sé den tuiscint go bhfuil an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla in Éirinn.
9 Déanann sé tagairt do stair na teanga, don chaoi ar tháinig meath uirthi agus na hiarrachtaí a rinne an rialtas an teanga a chaomhnú agus a fhorbairt. Rud maith faoin mír seo ná bhfuil foclóir air a bheadh áisiúil don chuairteoir, mar shampla slán, céad míle fáilte, and sláinte.
10 Is léir go n-aithníonn daoine eile ár saintréithe agus go bhfuil meas acu orthu. Is é seans dúinn é seo ár n-íomhá a neartú agus a chur chun cinn. Tá teanga na Gaeilge mar chuid den íomhá sin. Bíonn tíortha eile san Eoraip bródúil as a gcuid teangacha féin agus taispeánann siad a saintréithe.
11 Ba chóir dúinn an deis a thabhairt dár gcomhghleacaithe ón Eoraip ár gcultúr agus stair a bhlaiseadh in ionad cloisteáil faoi. Is deis iontach dúinn é seo nach mbeidh arís againn go ceann ceithre bliana déag eile. Ba chóir dúinn é a úsáid i gceart chun go mbainfimid ar fad taitneamh agus tairbhe as.
12 Gan amhras ar bith, tá na fóin ar fad le bheith athghléasta leis an gcéad ghlúin eile de ghléasanna agus d'aipeanna. Tá deis mhaith ann fós an chruthaitheacht agus an talann go léir a bhaineann leis an tionscal seo a chur in iúl agus tá Éire lárnach sna cúrsaí seo ar fad.
13 Tá an t-idirlíon fós ag fás agus is áis é anois a mbaineann gach duine agus gach rud úsáid as, na meáin shóisialta ach go háirithe. Bíonn daoine ag iarraidh gach gné den saol laethúil a roinnt lena chéile agus is iad na fóin chliste an tslí is tapúla chun an scéal a scaipeadh.
14 Bíonn gach duine ag iarriadh griangraif a chur in airde ar shuíomhanna na meán sóisialta agus tá an prionsabal bunaithe ar scéal a scaipeadh ar an toirt - an béile deas a bhí díreach curtha os do chomhair amach, an gúna nua atá á chaitheamh agat nó fiú íomhá dhraíochtúil atá díreach feicthe agat.
15 Tá mé tinn tuirseach de na fóin chliste seo. Tá ríomhairí go leor ann. Is ionann fás an fhóin chliste seo agus tuilleadh daoine ag roinnt achan uile tuairim a thagann chucu leis an domhan mór. Tuairimí, eolas faoi cad atá léite acu agus eolas fúthu féin gur chuma linn ar fad faoi.
16 Seans gur féidir smaoineadh ar chara de do chuid féin a bhíonn go mór ag brath ar an fhón cliste, duine a bhíonn i gcónaí ag cinntiú nach bhfuil téacs, tweet nó teachtaireacht Facebook i ndiaidh tagtha isteach. Is beag is fiú leis an chomhrá nuair atá a leithéid de neamhaird déanta de.
17 In áit a bheith sásta leis an áit ina bhfuilimid, tá claonadh láidir ann anois logáil isteach ar Facebook nó Twitter le feiceáil cad atá ar siúl ag daoine eile. Tuigim an tarraingt. Is maith a bheith eolach ar chúrsaí, tá muid uilig fiosrach, agus is maith linn dea-íomhá a chothú dínn féin.
18 Níor chreid na breithimh an fhianaise a thug Bertie agus cé nár cúisíodh é, thuigeadar gur inis sé bréaga. Chailleamar uilig ár misneach i mBertie i 2008 nuair a thug sé fianaise sular éirigh sé as post an Taoisigh, ach tá Binse Mahon i ndiaidh a ainm a scriosadh go hiomlán.
19 Cé go raibh a fhios ag an domhan agus a mháthair go raibh caimiléireacht agus bréaga i gceist roimh Bhinse Mahon, tá píonós ceart tuillte ag leithéidí Ahern agus Flynn. Ba chóir go mbainfeadh na pinsin uathu agus go gcuirfí i bpríosún iad mar gheall ar an tseafóid a chruthaíodar.
20 Cuireadh daoine chun príosúin as a bheith ciontach i gcoireanna níos lú ná mar atá curtha faoi bhráid na gcaimiléirí a ainmníodh i dTuarascáil Mahon. Is follasach ón mhéid atá tagtha chun solais sa tuarascáil go bhfuil mian na sainte fréamhaithe go doimhin i measc pholaiteoirí na tíre seo.
21 Ó aimsir Charlie Haughey ar aghaidh, ba léir go raibh polaiteoirí cama ag gníomhú i rialtas na hÉireann. Ba cheart go gcuirfí an dlí ar na daoine áirithe seo a fuarthas ciontach. Is fiú eisimléir a dhéanamh de na daoine seo ionas go gcuirfí deireadh leis na drochchleachtais pholaitíochta.
22 Tá na polaiteoirí seo á gcosaint ar chúis éigin agus is beag an baol go gcuirfear an dlí orthu. Deir Éamon Ó Cuiv, iar-leascheannaire de chuid Fhianna Fáil, nach dtuigeann sé féin cén fáth nach raibh an dlí á chur ar na daoine seo nuair a bhí sé soiléir go raibh caimiléireacht ar bun acu.
23 Is ábhar iontais é nach ngearrfar pinsin óllmhóra na bpolaiteoirí áirithe seo go fóill. Cé nach bhfuil an rialtas sásta dul sa tóir ar Bhertie Ahern agus a chomhghleacaithe, tá siad ag bagairt an dlí ar dhaoine nár íoc an muirear teaghlaigh. Níl aon chiall ag baint leis seo.
24 Tá na daoine ag cailleadh muinín sa chóras polaitaíochta agus ba mhaith leo gníomhaíocht a fheiceáil. I measc na n-amhantraithe, bhí amhantraithe talún agus forbróirí réadmhaoine. Chruthaigh siad boilgeog réadmhaoine le chéile le cabhair ó pholaiteoirí agus ó chomhairleoirí.
25 Is léir gur inis siad bréaga maidir le hairgead a bhí i gcuntais éagsúla agus gur ghlac cuid acu le breabanna. Chuir Bertie agus a chairde fabhair dallamullóg ar mhuintir na hÉireann - ghoid siad ón tír agus chothaigh siad an cúlú eacnamaíochta atá faoi lán seoil anois.
26 Ainmníodh agus náiríodh Bertie agus an chuid eile sa Bhinse agus léiríodh gur pholaiteoirí, fir ghnó agus daoine cama iad. Ní hamháin nach meánn a n-ainmneacha brobh féir in Éirinn anois ach is eolas poiblí thar lear é nach maith an rud é gnó ar bith nó fiú teagmháil a dhéanamh leo.
27 Tá fadhb nua ag druidim orainn anois maidir le scoilteadh hiodrálach agus na torthaí a thiocfaidh ón tionscal sin. Deirtear go ndéanfaidh sé dochar don timpeallacht, agus nár cheart d'Éirinn an baol sin a chur ar mhuintir na tíre ná a cuid acmhainní nádúrtha ar fad a dhíol.
28 Mheas na hagóideoirí taobh thiar den fheachtas sin go raibh pleananna an chomhlachta Shell contúirteach agus go mbeadh an timpeallacht áitiúil truaillithe dá mbarr. I láthair na huaire, tá acmhainní nádúrtha na tíre seo ar ais sa nuacht de bharr scoilteadh hiodrálach agus stoic gháis.
29 Gach seans go mbeidh an timpeallacht agus an t-uisce mórthimpeall na háite fabhtaithe ag Shell agus go mbeidh ar mhuintir na háite deileáil leis. Tá olliarmhairtí a bhaineann le gach gné den saol ag roinnt leis an díolachán seo ach tá deis ag an Éireannach troid ina choinne.
30 Tuigeann Phil Hogan an cruachás ina bhfuilimid uilig sáinithe faoi láthair ach tá daoine sa tír seo nach féidir leo na billí morgáiste agus leictreachais a íoc, nó fiú a ndóthain bia a chur ar an mbord cheana féin, gan trácht ar mhuirear teaghlaigh anuas ar gach rud eile.
31 Tá Hogan diongbháilte go mbeidh impleachtaí i gceist agus tá cáin le bheith curtha ar gach duine nach n-íocann roimh an Satharn. Is cáin mhíchóir atá i gceist leis seo agus i ndeireadh na dála, níl sé de chumas ag Hogan tromlach na tíre a tharraingt os comhair na cúirte.
32 Nach bhfuil gach aon duine faoin mbarúil chéanna, gurb é locht an rialtais go bhfuil an tír i bponc ó thaobh airgid de? Ghearr siad siar ar an-chuid pánna, tá i bhfad níos mó cánach á íoc againn go léir agus anois ba mhaith leo go n-íocfadh gach úinéir réadmhaoine cónaithe an Muirear Teaghlaigh.
33 I ndáiríre, tá an rialtas tar éis imeacht thar fóir! Nach dtuigeann an rialtas nach bhfuil an t-airgead seo le spáráil ag daoine? Is dóigh liom go bhfuil a gcuid súile dúnta, go háirithe nuair a bhíonn an nuacht ar siúl, mar tá méadú ollmhór tagtha ar an gcostas maireachtála.
34 Cén fáth ar cheart do dhuine atá ina chónaí i dteaghasán nó árasán beag, an méid céanna a íoc le duine atá ina chónaí i dteach mór millteach? Níor cheart dóibh. Chuaigh an rialtas in iomrall leis an mhuirear seo agus cuirfear faoina bhráid gan mhoill nach bhfuil muintir na tíre sásta glacadh leis.
35 Bhí Bean Uí Néill, an múinteoir Gaeilge, ag labhairt le scoláirí na hArdteistiméireachta faoin toghchán a bhí le bheith ar siúl go luath chun scoláire na bliana a roghnú. Thug sí comhairle dóibh faoi na rudaí go mba cheart dóibh a chur san áireamh chun scoláire na bliana a roghnú.
36 Nuair a bhí na vótaí comhairthe acu agus scoláire na bliana roghnaithe bhailigh pobal na scoile go léir le chéile i halla mór na scoile. Bhí na daltaí go léir ina suí sna suíocháin agus chuaigh Bean Uí Néill agus an tUasal Ó Murchú, chomh maith leis an bpríomhoide, suas ar an ardán.
37 Bhí cuid acu ag ól cupán tae nó caife. Dúirt sí leo go raibh ganntanas airgid ar an scoil agus gur theastaigh ríomhairí nua uathu. "An bhfuil aon smaointe agaibh faoi conas airgead a bhailiú?" a d'iarr sí orthu. Dúirt dalta amháin go bhféadfaidís crannchur nó seó faisin a eagrú.
38 Dúirt duine de na cailíní go gcaithfidís áit a roghnú don seó faisin agus am a shocrú freisin. Ansin chaithfidís éadaí a fháil don seó. Dúirt cailín eile gur cheart labhairt leis na siopaí éadaí ar an mbaile agus gur cheart labhairt leis na tuismitheoirí chomh maith faoin ócáid.
39 Ag deireadh na hoíche ghlac an príomhoide buíochas le gach duine a chabhraigh leo an ócáid iontach sin a eagrú. Mhol sí na cailíní go léir ón séú bliain a rinne an obair agus an teagrúchán go léir. Ghlac sí buíochas leis na tuismitheoirí agus leis an bpobal a thug tacaíocht don ócáid.
40 Is buachaill é gur aoibheann leis cleasanna gránna, uafásacha a imirt. Caitheann sé bia thart, sciobann sé rudaí, bíonn sé ag brú, ag soncadh agus ag pinseáil. Sa gcnuasach seo baineann Dónall Dána leas as pléascán bréantais sa gcogadh fada atá ar bun idir é féin agus Peigí Pusach.
41 Tá ealaín leis an ealaíontóir Cyril Ó Flaithearta, ealaíontóir as Inis Mór, atá ar an gclúdach. Is mar leabhar do pháistí a cuireadh An Nollaig Thiar ar an margadh agus díoladh suas le sé mhíle cóip di. Is deas an leabhar é do shean agus óg agus is álainn an píosa scríbhneoireachta í.
42 Tá an t-iriseoir agus an t-eagarthóir nuachtáin ann; tá an t-idéalaí agus an Conraitheoir dílis; an t-oideachasóir agus an máistir scoile; an gearrscéalaí, an file agus an drámadóir; an t-agóidí, an tÓglach, an réabhlóidí, an ceannaire míleata agus Uachtarán Rialtas Sealadach Phoblacht na hÉireann.
43 Déanann an Luimníoch tírghách comóradh ar an Éirí Amach sa dán seo a bhfuil dosaen mír ann. Scríobhadh an dán seo do chomóradh leathchéad bliain an Éirí Amach i 1966. Nuair a rinneadh comóradh cúig bliana is fiche ar an Éirí Amach, ina bhuachaill scoile a bhí an t-údar i Luimneach.
44 Shaothraigh mar mhúinteoir, mar iriseoir agus mar fheidhmeannach poiblí in Éirinn, agus tréimsí i Sasana. Duaiseanna Oireachtais buaite aige i ngach gné den litríocht. Drámaí, gearrscéalta, úrsealta, scéalta do dhéagóirí agus filíocht scríófa aige i mBéarla agus i nGaeilge.
45 Tugann Earnán a bharúil go lom macánta faoin uile rud-modhanna maireachtála na ndaoine, cumas na dtaoisigh áitiúla, fadhbanna polaitíóchta an ama, ach thar aon ní eile is í a phearsantacht Ultach féin a léirítear anseo-a éifeacht, a dhaigne, a dhíreatas, a fhéin-mhuinín agus a ghoilliúnacht.
46 Tá na seacht n-ainm ag bun Fhorógra na Poblachta ar eols ag an saol, ach ní hé an oiread sin aithne atá againn ar an seachtar féin. Bhí beatha spéisiúil ag gach duine acu i bhfad sula raibh aon chaint ar éirí amach, agus thug siad ar fad tréithe ar leith isteach leo sa troid sin.
47 Bhí difríochtaí maidir le haois, aicme, tuairimí agus eile idir na baill éagsúla den rialtas sealadach a cuireadh ar bun faoi Cháisc 1916. Ach ag teacht ó phointí éagsúla tosaithe trí chríocha éagsúla ar bhealaí éagsúla, rinne seachtar na Cásca a gcion leis an bhfód a sheasamh in aghaidh na héagóra.
48 Ní mar a shíltear a bhítear agus sa nóibhille seo a phléann eachtra thubaisteach amach ó chósta thiar na hÉireann, is amhlaidh atá. Tá draíocht ag baint leis an oileán a mheallann an strainséir, chuige. Tá sé ag súil le leigheas a aimsiú ann ar an scáil dhubh a leanann é.
49 Ach is deacair sin a dhéanamh agus forsaí dorcha eile roimhe. Daoine rúnda coimeádacha iad muintir an oileáin agus, cé go n-éiríonn leis réiteach le daoine áirithe, ní hé gach duine atá sásta go bhfuil sé ann. Idir ráflaí is fírinne, grá is naimhdeas, déantar rún dorcha an oileáin a scaoileadh.
50 Agus mura bhfuil do dhóthain ansin: comórtas ólacháin, daoine á n-aiséirí ón mbás agus spideog draíochta a thagann i gcabhair ar ár laoch in am an ghátair. Sa leabhar seo cuirtear cor úrnua greannmhar i seanscéal béaloidis a bhfuil idir gháire, ghreann agus ghliondar le fáil go fras ann.
51 Foireann sléibhe agus foireann cheamara. Caidreamh idir athair agus mac. Easpa muiníne eatarthu ón tús. Scéal eachtrúil lonnaithe ar an sliabh is airde ar domhan. Mike ag iarraidh ceird an cheamara a léiriú dá mhac, Liam. Briseadh tógtha ag Liam chun taisteal chun na Tibéide.
52 A bheatha ag sciorradh uaidh. Gaiscíoch de bhunadh cathrach é Labhrás, fear físe, cultúir, athbheochana. Trí mheán taibhse ó na meánaoiseanna, Darach, a ríomhtar an scéal, lobhar nó laoch, ag éalú ón bPlá Dhubh. Compánaigh slí is ea anois iad ar aistear inmheánach na gcuimhní.
53 Creidimid gur sárleabhar é seo ó dhuine de scéalaithe agus de ghuthanna sainiúla na haimsire seo. Tá na carachtair agus na daoine curtha ina steillebheatha aige ar an leathanach ar shlí a bheireann bua ar an scáileán féin. Tá grianghraif Dermot féin sa leabhar mar aon le gluais de théarmaí Gaeilge.
54 Aonarán é Jó, coimhthíoch de chuid na haoise seo tugtha don fhéinscrúdú. Ina ghasúr scoile dó, mar fhreagra ar an gciapadh a fhulaingíonn sé óna chomhscoláirí, déanann Jó uirísliú iomlán air féin agus, tríd an umhlaíocht, tagann ar bhealach le smacht a fháil ar a chinniúint féin.
55 Ábhar an leabhair: Tuarasgbháil ar an gCath clúmhail ris a ráidhtear Fontenoy fearadh i bhFlóndras san Tír Íochtair san mbliadhain d'aois an Tighearna. Sna leathanaigh seo déantar cur síos ar bhua is ar dhíomua, ar thine ghealáin is ar phaisean is ar ghlóir na cogaíochta.
56 A leithéid de shaol! Tar éis do Zoé an lá a chaitheamh mar fháilteoir ag comhdhálacha agus seónna tráchtála, ní bhíonn ag fanacht léi sa bhaile ach leisceoir mímhúinte a chodlaíonn ina chuid stocaí. Sin, nó go gcastar Tomás uirthi, scríbhneoir mór a bhfuil an inspioráid ag teip air.
57 An tráthnóna dár gcionn, ionsaí as an nua; ansin faightear an corpán. Sceon, fuadar agus fiosrú dúnmharaithe. Téann Aoife agus an Garda Réamonn Seoighe araon i mbaol beatha de réir mar dhruideann an tóir chun buaice. Beidh an léitheoir i ngreim ag an scéal seo ó thús go deireadh.
58 Bhíodar beo bocht gan aon deis airgead a shaothrú ná a chur le chéile mar bhí sé go snaidhm an rópa acu na hainchíosa a choinneáil íoctha. Fataí an ghnáthbheatha a bhí acu. Bhí orthu an t-arbhar agus na beithígh a chur sa gcíos. An bhliain chéanna bhuail an smál na fataí agus lobhadar sa talamh.
59 D'fhág sin na daoine gan tada le hithe cé go raibh an tír lán le harbhar ach ba anonn go Sasana a bhí sé seo dhá chur agus cead an diabhail a bheith ag na daoine bochta. Ní raibh acu ach a mbealach a dhéanamh go dtí Teach na mBocht. Aon duine a raibh luach an bhealaigh aige d'imigh sé go Meiriceá.
60 Ballasta a bhí iontu. Pacáileadh síos faoi dheic iad agus dúnadh na comhlaí orthu. Ifreann ceart a bhí anseo mar bhí easpa aeir, séarachais, beatha agus uisce orthu. I ngeall air seo cailleadh na céadta de bharr fiabhrais agus cheal aeir. Caitheadh na coirp i bhfarraige.
61 Sa ngailearaí uachtair téann Stiofán suas ar uchtbhalla atá trí stór os cionn na talún agus chuile chuma air go bhfuil sé chun lámh a chur ina bhás féin agus léim a chaitheamh síos. Tá súile chuile dhuine sa músaem air. Tá glaonna á gcur ar a chlann in Éirinn. Agus tá Stiofán idir dhá chomhairle.
62 É breactha ag údar a chaith bunáite dhá scór bliain ag obair mar léachtóir i gcoláiste tríú leibhéal. Is leabhar fuinniúil, gaisciúil é seo a mbainfidh cuid mhór daoine sult as. Meafar é an teideal do shaol conspóideach na hollscoile, an fhírinne shuimiúil seachas aoir.
63 Ach cá bhfuil an chumadóireacht agus cá bhfuil an fhírinne? Sampla cumasach den úrscéal campais, a thugann fogha fés na boic mhóra atá i gceannas ar na hinstitiúidí acadúla fé láthair, fén struchtúr comhachta atá i bhfeidhm agus fén gcleachtas áiféiseach atá á bhrú ar an aos léinn.
64 Is deacair do Shéamas a dhímheas ar a sheanchara a cheilt, ach ar mhaithe leis féin sin a chaithfidh sé a dhéanamh, mar má sceitear an rún beidh deireadh leis. Ní mó ná sásta atá Ó Ruairc faoin socrú seo ach oiread agus fios maith aige nach fáilte atá roimhe, ach níl an dara rogha aige.
65 Cruthóidh an caidreamh seo teannas idir theaghlaigh na lánúine, ach níl ansin ach tús an scéil. Scrúdaíonn an t-úrscéal cumasach seo ó pheann Thomáis Uí Chanainn poll duibheagáin na míthuisceana idir an dá thaobh ó thuaidh. Tugtar léargas freisin ar ról na bhfórsaí slándála sna trioblóidí.
66 An Veinéis, Péarla na Meánmhara. Tá ealaíontóir óg, Adrienne, tagtha go dtí an chathair ársa rómánsúil seo tar éis dá pósadh cliseadh, í ag súil le tús a chur le saol nua. Casann sí ar Giorgio, tiománaí tacsaí uisce, agus éiríonn siad ceanúil ar a chéile. Ach tá rún ag Giorgio.
67 In úrscéal ina dtarraingítear ar théamaí móra i scríbhinní Uí Chonaire féin, an grá agus an feall, is ar chrann Mary Morrison a thiteann sé teacht i gcabhair ar an té a loic ar a cara, Caitlín, is le fáil amach an bhfuil buille sa bhéim fós sa Chonaireach mar fhear is mar scríbhneoir.
68 Agus mura gcuireann. Saol an sclábhaí agus saol an scabhaitéara, scléip na hóige, cás an deoraí nuair a thránn an téirim. Is iomaíslí sin a bhíos ag daoine, agus bíonn a bhealach féin ag príomhcharachtar an úrscéil chumhachtaigh seo, a mhodh féin aige dul thart ar an leimhe agus ar an leithlis.
69 Tuilleadh ama aige, dá thairbhe seo, le caitheamh leis an ábhar taighde is ansa leis: dúnmharuithe liteartha agus dúnmharuithe neamhghnácha. Cuireann sé suim mhór i ndúnmharú a rinne duine dá shinsir i gCo. Dhoire i dtús na haoise seo caite. Ding de féin a scoilteann an leamhán.
70 Is geall le sobal a shaol. Ach ní ródhona an rud é sin, mar go mbíonn sé ábalta tarraingt ar a shobalsaol go rialta agus é i mbun pinn mar scriptscríbhneoir don sobal Béal an Chuain. Ní leasc leis imeachtaí a shaol a úsáid go rialta ina chuid oibre, rud a chuireann fearg ar go leor.
71 Ceapann Tomás Ó Gráinne gurb é is dual dó comhairle a leasa a chur ar a iníon, Rosemarie, de bharr na spéise a léiríonn Romeos óga Hersonisis na Créite inti. Gan de fhreagra aici sin ar an scéal ach tréigean a máthar, agus Stephanie, an leannán is déanaí aige, a chasadh lena hathair.
72 Tá saol breá bog ag Seáinín Mháire Bhán, príomhcharachtar an úrscéil seo, nuair a chastar orainn é i dtosach báire. Ach ansin cailltear a athair i dtimpiste. Fágtar eisean, a mháthair, a dheartháir agus a dheirfiúr leo féin, agus gan ach cuid an bheagáin de mhaoin an tsaoil acu.
73 Ach is é scéal Choranna an scéal is ansa leo, an capall rása a bhuaigh Corn Chester in 1846 agus ar caitheadh an t-airgead duaise ar mhaithe leis na tionóntaí bochta a bhí ag fail bháis leis an ocras i Maigh Eo. Agus is iomaí scéal eile atáag Mamaí Nain; tá sí beagnach céad bliain d'aois.
74 Nuair a théann Niall Ó Briain, múinteoir, ar an Dart lá, ar a bhealach chun na scoile, i ngan fhios dó féin tá sé ag cur tús le turas timpeall na hEorpa atá le cor a chur ina shaol. Ní turasóireacht atá i gceist, áfach; ach na cosa a thabhairt leis. Ghnóthaigh an leabhar seo duais Oireachtais.
75 Leabhar dorcha ar go leor bealaí, ach greann buile agus gaois shinseartha síos tríd le croí an léitheora a thógáil. Cur síos anseo, inter alia, ar dhúnmharú, ar chatmharú agus níos measa fós, ar ghoid "cnósach focal". Leabhar neamhchoitianta, don léitheoir neamhchoitianta.
76 Teastaíonn ó Mhatt go n-éireoidh Magda as a cuid oibre. Teastaíonn ó Mhatt go n-éirodh Magda as a cuid oibre. Teastaíonn ó Mhatt go nglanfaí an teach ó bhun go barr gach lá. Teastaíonn ó Mhatt go mbeadh an salann agus an piobar san áit cheanann chéanna ar an mbord i gcónaí.
77 Is gnáthchailín í Rósmáire Ní Ghrifín, nó sin mar a shíleann sí. Tá na gnáthfhadhbanna saoil aici: maistín mór de dheartháir, múinteoir scoile crosta agus an deacracht fáil ar fhoireann peile na scoile. Ní hiondúil go mbíonn an t-ádh léi, agus is amhlaidh a bhíonn ar a 10ú lá breithe.
78 Déanann gach duine dearmad air seachas a deartháir gránna, téann a máthair isteach san ospidéal agus faigheann sí i dtrioblóid lena múinteoir scoile. Ansin, mar bharr ar an donas, tagann an slua sí ar cuairt chuici san oíche le hinsint di nach duine daonna í ach sióg, duine de Thuatha Dé Danann.
79 Príomhcharachtar gan ainm i gcathair anaithnir - an t-aon dá rud is féidir a bheith cinnte fúthu, b'fhéidir, sa scéal seo. Caitheann sí a saol le ceo ar a hintinn nach féidir éalú uaidh. Mionléiriú ar chás an té a bhfuil smacht caillte aici ar a timpeallacht ach nach léir céard is cúis leis.
80 Gach oíche, bíonn macalla á bhaint as an sráid ag an gceol uaigneach a sheinneann sé ar an bhflúgalchorn agus é i bhfolach go hard san aer. Ach lá amháin, sa scéal laochais seo agus an grá fite tríd, cuireann cat i mbaol agus glantóir darb ainm Ramona cor ina chinniúint.
81 Áirítear Deoraíocht ar cheann de na húrscéalta is bríomhaire agus is teanntásaí dár scríobhadh riamh i litríocht na hÉireann, idir Ghaeilge agus Bhéarla. Is ábhar ceiliúrtha an t-aistriúchán íogair seo de shárshaothar Uí Chonaire a bheith ar fáil anois do lucht léitheoireachta ar fud na cruinne.
82 Rianaíonn an t-údar a chonair féin, na dúichí agus na daoine a bhuaileann leis. Tá léaspairtí gaoise ann agus noda praicticiúla, agus na ceangail stairiúla ag Éireannaigh leis an turas seo léirithe go beacht aige. Tá grianghraif lándaite agus cairteacha i dteannta an téacs.
83 Tá an t-úrscéal seo greannmhar agus uafásach; agus ina stíl ealaíonta próis, idir chomhrá agus scéalaíocht, chomh dea-scríofa sin gur féidir éa léamh idir shuí agus éirí. Ach ná déan. Ní rómhinic a thagann an Nollaig chuig pobal léitheoireachta na Gaeilge i bhfoirm úrscéal dá leithéid seo.
84 Suite san Afraic atá an t-úrscéal saibhir seo - agus is deacair a chreidiúint nach Afracach a scríobh! An raibh fhios agat go bhfuil ainm ar leith ar gach ceann dá siní? Tá. Agus tabharfaidh mé duit iad agus fáilte - an boza, an kota, an kamba, an ankra agus an dodo. Is é an dodo an ceann is faide.
85 Tá sé seo ar cheann de na téamaí is ársa sa litríocht dúchais. Ní creideamh agus piseogacht amháin atá i gceist sa leabhar seo, áfach, ach an duine agus an t-ainmhí sa duine, na paisin, an t-éad, an fuath, an chollaíocht a bhíonn á ghriogadh gan taise... agus an t-uaigneas.
86 Aistear atá ann, aistear buachalla bháin a théann i gceann an tsaoil agus a imíonn le haer an bhaile mhóir. Cuntas é ar theacht in inmhe; ar fhéincheistiú, ar fhionnachtain, agus ar athnuachan; ar ghrá agus ar ghníomh in am an bhearrtha agus in aois na céille. Beatha dhuine a thoil.
87 Úrscéal spleodrach atá anseo, é dea-scríofa, saoithiúil agus soléite mar is dual do scríbhneoireacht Joe Steve. Cé gur scéal brónach atá á ríomh, tá an greann fite fuaite ann. Cuirfidh an stíl scríbhneoireachta a shraithdhráma raidió Baile an Droichid i gcuimhne do léitheoirí.
88 Scéalta i bhfrámaí éagsúla atá i gceist sa leabhar seo. Sraith de scéalta faoi uaigheanna neamhghnácha a léiríonn pobal neamhghnách. Ealaíontóirí óga ar thóir an nua agus an léargas a thugann sé sin ar an dorchadas i gcroí an duine. Síobshiúlaí agus na scéalta a insítear dó.
89 Níl aon amhras ach gurbh é Máirtín Ó Cadhain mórscríbhneoir Gaeilge na linne seo. Mar scríbhneoir, mar mhúinteoir agus mar agóidí d'fhág sé a mharc go soiléir agus go dána ar an saol. Tiomsaithe faoi chlúdaigh an leabhair seo tá cúig cinn déag de na gearrscéalta is fearr uaidh.
90 Dhá scór bliain, agus deich gcnuasach gearrscéalta ina dhiaidh sin, is mithid an chuid is fearr den fhíon a chur i mbuidéal nua d'fhonn gur féidir le léitheoirí, idir shean agus nua, blaiseadh, an athuair nó den chéad uair, de scoth na litríochta. Agus má éiríonn sé sa gcloigeann féin, cén dochar.
91 Is deacair dúinn anois a shamhlú chomh mór is chomh bunúsach is a bhí an réabhlóid a chuir sé ar bun. Nuair a bhí daoine eile ag áiteamh go gcaithfí an litríocht nua a bhunú ar a raibh ann cheana, nó ar an seansaol, nó ar fhoirmeacha an bhéaloidis, chuir sé go tréan ina gcoinne.
92 Ach más í an fhírinne shearbh í nó an fhírinne nach féidir a cheilt, an fhírinne nár thacht aon duine ariamh nó an fhírinne a thiocfas ina háit féin, déanta na fírinne is í an fhírinne ghlan í. Ach bhídís ag rá chomh maith nach call don scéalaí leanacht ródhlúth don fhírinne.
93 Ach ba le linn na tréimhse céanna seo a rinne sé scríbhneoir nua-aoiseach de féin. Sa leabhar seo a fhaightear an Cadhnach agus é tagtha in inmhe mar scríbhneoir: uaidh seo amach dhíreodh sé ar an gcathair agus ar mhuintir na cathrach seachas ar an tuath agus ar an nGaeltacht.
94 Is é an ceol príomhthéama an chnuasaigh seo; cruthaíonn an t-údar domhan aduain, osréalach, éiginnte, scanrúil uaireanta, sna scéalta seo, an ceol de dhlúth agus d'inneach iontu, a thugann an léitheoir ar thuras siar agus aniar tríd an gceol agus an tsamhlaíocht a ghintear as.
95 Tá chuile chineál scéalaíochta i measc na gcéad scéal a chuireann an fear dána seo os comhair an léitheora. Tá an gearrscéal fuinte clasaiceach ann agus an dréacht fantaisíochta, an parabal agus an eachtra, an fáthscéal agus an fabhalscéal, agus scéalta nár ceapadh aon ghaistí lipéadacha fós dóibh.
96 Sa chéad scéal, Anam Mná, caoineann máthair bás a céadghin, agus is maith mar a chuireann an t-údar síos ar an mbriseadh croí agus ar an díchreideamh a ghoilleann uirthi. Déanann Iníon cur síos ar oíche fhada a chaitheann athair ag fanacht go bhfillfidh a iníon óg ón dioscó.
97 Beirt chailleach a speireann a chéile le clocha i gcath fíochmhar i Manhattan atá faoi chaibidil i M'Uncail Máirtín agus Cailleacha Mheiriceá. Ar na téamaí a chíortar sa chnuasach seo tá an chumha, an aois, an choimhlint shíoraí idir an sean agus an nua, agus an saol mar a fheictear don pháiste é.
98 Tugann an cnuasach seo cuid den scríbhneoireacht Ghaeilge is fearr agus is nuálaí le tríocha bliain le chéile faoi chlúdach amháin. Aistriúcháin go Béarla ar rogha gearrscéalta ón Ghaeilge atá ann a thugann blaiseadh d'éagsúlacht na scríbhneoireachta comhaimsearthaí na Gaeilge don léitheoir.
99 Gheobhfar iliomad éagsúlachtaí idir na scéalta seo, cuid acu greannmhar, cuid eile acu imeallach, ach léiríonn siad uile ficsean léargasach. Is í an chéad chnuasach a thugann léiriú iomlánach ar an réimse nuálaíochta atá le fáil i scríbhneoireacht chomhaimseartha in Éirinn.
100 An bua a bhaineann le scéalta an Choileánaigh ná a n-éagsúlacht agus a mbeocht. Is minic í ag plé leis an gclapsholas sin idir dhá shaol agus uaireanta is priaclach an saol é sin! Ní gruaim gan ghreann é, áfach. Scanraíonn sí sinn ach baineann a cuid eachtraí gáire asainn chomh maith.
101 Ionmholta malairt bhisigh, a dúirt an file fadó, agus an té a thabharfaidh faoin gcnuasach gearrscéalta seo ón Domhan Thíos, beidh siad ar intinn leis. Sa leabhar seo, an chéad chnuasach le Colin Ryan, cuirtear cor i nGaeilge na hÉireann lena chur in oiriúint do chúinsí na hAstráile.
102 Más duairc, gruama an domhan a chuireann Daithí Ó Muirí os ár gcomhair uaireanta ina chuid scríbhneoireachta, é fuar, lom, folamh agus carachtair ag imeacht leo gan sprioc gan aidhm gan chiall gan reasún, ní fhágann sin nach bhfuil corrlasair le brath thall agus abhus sa dorchadas arb é an saol é.
103 Turas é atá dathannach agus dubh dorcha ar a sheal. Tabharfaidh sé ón stáisiún tréigthe traenach go dtí liombó na leathchoise thú; seolfaidh sé ó leaba chréúil na bhfocal adhlactha go barr talaimh i gConamara thú. Casfar canablaigh ort agus fir leathchoise; striapaigh na trócaire agus díoltóirí tí.
104 Cuireann an t-údar casadh súgánach i ngach scéal go bhfeictear snáth an duine leis an saol - agus lena chomhdhuine - ag dul in aimhréidh. Cloch ar chloch, leagann Micheál Ó Conghaile an claí teorann idir an réaltacht agus an draíocht ionas gur deacair ar deireadh iad a aithint óna chéile.
105 An Gorta Mór: eachtra thubaisteach a d'athraigh sochaí na hÉireann go huile is go hiomlán. Is éard atá sa leabhar seo aistriúchán ar leabhar Eugene McCabe, ina scrúdaíonn sé gnéithe den Ghorta, agus an dóigh a ndeachaigh sé i bhfeidhm ar mhuintir na hÉireann, idir chosmhuintir agus uaisle.
106 Díolaim de dhánta, de liricí agus de rainn thraidisiúnta na Gaeilge ar théamaí spioradálta a léiríonn oidhreacht na Gaeilge sa réimse seo. Tá an aithrí, an bheatha, an creideamh, an t-amhras spioradálta, an saol seo agus an béaloideas i measc na dtéamaí a bpléitear leo sa chnuasach.
107 Is coir Párliment na bhFíodóirí, dá laghad é, a áireamh ar mhórthéacsaí inspéise na hochtú aoise déag. Is é seo an chéaduair a foilsíódh an saothar seo ina iomláine. I dteannta na dtéacsaí cóirithe, déantar nótaí teanga, nótaí téacsa agus gluaise a sholáthar mar áis do léitheoirí.
108 As tionscadal fada de chuid Guégant agus an Bhreathnaigh a d'eascair an saothar. Le linn tréimhse cúig bliana, spreag siad a chéile chun gnímh trí mhalartú scríbhinní agus pictiúr, trí litreacha, trí thraiseoladh smaointe agus trí chastáil ar a chéile dhá uair sa bhliain.
109 Ina theannta sin tá aistí ann ar fhilíocht bhéal beo na Gaeltachta, ar cheist na teanga féin agus ar ghné thraidisiúnta an ghutha phobail i litríocht na Gaeilge. Ainneoin réimse leathan údar agus ábhar a bheith á bplé sna haistí éagsúla tá aontacht shoiléir ag sníomh tríd an gcnuasach.
110 Tá súil aige ar Mháirín, cailín i dTeach Hollywood, mar atá ag roinnt buachaillí eile. Sna ríomh-scéalta a chuireann Learaí chuig a chara Bilí i mBaile Átha Cliath tá cur síos ar a chuid iarrachtaí Máirín a mhealladh agus ar an gcaidreamh a bhíonn aige leis na scoláirí eile ar an gcúrsa.
111 Téacs soléite inspéise atá ann ina rianaíonn an t-údar a shaol mar bhall de Bhráithreachas na Poblachta agus mar Óglach agus na heachtraí a raibh sé páirteach iontu le linn Chogadh na Saoirse i gConamara agus ina áiteanna eile chomh maith leis na sealanna a thug sé i ngéibheann.
112 Dánta clasaiceacha máistriúla cuid díobh, agus saothair eile a shíneann a ngéaga go raidhsiúil agus go fairsing i mbun súgartha. Tá CD suaithinseach ag gabháil leis ar a bhfuil ceol le roinnt de na dánta. I bpáirt leis an amhránaí Iarla Ó Lionaird a rinneadh an taifeadadh.
113 Is beag file a shaothraigh chomh fada seo i ngort na filíochta agus is iomaí claochlú a tháinig ar Éirinn agus ar an saol i gcoitinne ó chuaigh sé i mbun pinn. Rud amháin nár athraigh, mar is léir ón gcnuasach seo, cuisle na filíochta ag preabadh go láidir i bhféithe Uí Dhúill.
114 Pléitear gach gné den ghrá san dánta agus sna hamhráin seo - meidhir an ghrá óig; greann agus suairceas an ghrá; cumha agus croíbhriseadh; dúil agus grá gan fháil; agus an grá iompaithe ina fhuath. Tá cumhacht mhothálach na bhfilí féin go mór chun cinn agus iad ag céiliúradh chastacht an ghrá.
115 Tá an leabhar seo déanta suas as cuimhní cinn agus smaointe Áine in imeacht na mblianta. Díríonn sí ar eachtraí pearsanta, chomh maith leis an saol i gcoitinne. Tá nádúr an duine agus an dúlra á gcíoradh aici agus, anois is arís, feictear iad fite fuaite le chéile sa mbailiúchán seo.
116 Ag scríobh dó i réamhrá an leabhair dúirt Ó Conaola nach feasach dó gur chuir Beartla aon dán ar phár riamh ach go raibh siad ar fad "greanta go buan ina intinn". Tá súil aige leis an gcnuasach seo dánta Bheartla Sheáin a chur ar fáil do mhuintir na linne seo agus na glúnta atá le teacht.
117 I gcnuasach nua seo Uí Shearcaigh, tá a réim radhairc agus a raon tuisceana níos leithne ná riamh; an domhan sofheicthe agus an domhan dofheicthe á dtabhairt le chéile aige faoi gheasa glé an bhriathair; an léirfhocal cruinn agus an léargas grinn i dtolamh i bhfeidhm i ndéantús an dáin.
118 Mar atá ráite go minic tá gné mhisteach i mbard Mhín a Leá agus é ag adhradh na ndúl agus ag altú an daonnaí. Anseo tá sainchreideamh an tseanreachta á cheiliúradh aige go dúilmhear dúshlánach. Seo guth glas na Gaeilge. Ach mar a léirítear sa chnuasach ilghnéitheach seo, ní file an aon phoirt é.
119 Tá aistritheoir a dhiongbhála aimsithe ag Rilke i Máire Mhac an tSaoi. Ní hamháin go léiríonn sí acmhainn agus uaillmhian an bhundáin Ghearmáinise, baineann sé geit chomh maith as friotal filíochta na Gaeilge ar shlí a chruthaíonn arís a mórchumas teangan agus samhlaíochta.
120 Go deimhin, cuid de na ceisteanna céanna faoi chaidreamh agus chreideamh, beatha agus bás, atá chomh láidir sin i mórdhán Rilke, tá siad á gcíoradh ina cuid dánta déanacha féin sa tslí go gclosimid macalla beo a glóir féin ag labhairt i nguth maorga an fhile mhairbh ón nGearmáin.
121 Tá nótaí cuimsitheacha ag dul le gach uile dhán agus tá aiste fhada chritice sa leabhar chomh maith a dhéanann dian-iniúchadh ar fhilíocht Learaí agus a shuíonn na dánta i gcomhthéacs na filíochta béil i gcultúir eile ar fud an domhain, san Afraic, i Meiriceá Theas agus áiteacha nach iad.
122 Pléitear an caidreamh agus an gaol idir an t-athair agus an mac, pléitear bás an athar agus pléitear an bás féin. Nícnuasach gruama atá anseo againn, áfach, ach ceann a dhéanann an aimsir chaite a chíoradh agus ceol na haimsire caite sin a chur i gcuimhne don léitheoir.
123 Is gleoite an fheidhm a bhaineann an t-údar as miotas na seanré clasaicí agus as traidisiún ár léinn féin. Nuair atá stádas na sean-Ghaeilge faoi bhagairt is ábhar misnigh dúinn go léir go mbeadh file óg ag fáil inspioráide as na toibreacha ársa atá i mbaol a ndíscithe i ré seo an abharachais.
124 Níl aon amhras ach go bhfuil Máire Mhac an tSaoi ar dhuine de mhórfhilí na Nua-Ghaeilge. Óna céad chnuasach, Margadh na Saoire, i leith tá aghaidh tugtha aici go dalba, dána, dúshlánach ar chuid de na ceiteanna is práinní a bhaineann le saol agus taithí na mban go háirithe.
125 Sa leabhar seo cíorann buíon scoláirí aitheanta gnéithe éagsúla dá hoidhreacht fhileata, mar atá, an guth máthartha ina cuid dánta, cúrsaí grá agus saoirse, tionchar na hiasachta ar a saothar, cóiriú na cuimhne agus an caidreamh teasaí a bhí aic le mórfhile eile a linne, Seán Ó Ríordáin.
126 Ní chuireann sin aon bhac air labhairt amach go pearsanta is go dána ar ábhair a mbeadh tost na teire orthu roimhe seo. Ní fáth rúin ar bith gur dánta hómo-éarotacha na dánta grá aige, agus tá siad ar na dánta is paiseanta, is cumhachtaí agus is íogaire grá dá bhfuil á scríobh sa Ghaeilge inniu.
127 Cruthaíonn an file leanúnachas scéaltach eisceachtúil ann nach bhfeictear go hiondúil ach san úrscéal. Diaidh ar ndiaidh, tuigtear don léitheoir nach iad gnátheachtraí an tsaoil a bhfuil cur síos á ndéanamh orthu sna dánta seo faoin ghrá, faoin bhreith, faoi chúraimí clainne agus faoi thinnis.
128 Rogha an eagarthóra, Gearóid Denvir, de na dánta is fearr leis ón bhfichiú haois atá sa leabhar seo. Dánta mar ráitis shuntasacha chruthaitheacha iontu féin seachas saothar le filí faoi leith a roghnaigh sé. Slata tomhais aeistéiticiúla agus ealaíne amháin a bhí aige sa roghnú.
129 Carachtar éachtach í an Trodaí – alter ego gach mná gur mithid di an fód a sheasamh. Níl aon oidhre eile uirthi ach na gaiscígh mhná sna scannáin Shíneacha, a ritheann go hingearach suas fallaí agus a throideann go fíochmhar ar dhíonta na dtithe agus ar bharraíocha na gcrann.
130 Is í an Trodaí príomhcharachtar an chnuasaigh seo, bean atá "lán de laigeacht agus fíochmhaireacht in aon turas". Bean í a shantaíonn an grá ach atá mímhuiníneach; bean í atá dúshlánach ach atá ag iarraidh go dtuigfear í; bean nua-aimseartha í a thuigeann tábhacht an traidisiúin.
131 Filíocht fhuinniúil spleodrach í seo, filíocht inar léir tríd síos acmhainn éachtacht an fhile geit a bhaint as an léitheoir le samhailteacha atá mealltach agus neamhghnách. Fílíocht í seo a thugann orainn féachaint ar gach uile ghné den ghnáthshaol, dá shuaraí é, ar bhealach úrnua, úrnite.
132 Filíocht í ina n-aimsímid meascan máistriúil den tocht agus den intlíocht, den mhacnas agus den mhachnamh, den ghreann agus den ísle bhrí. File é Louis de Paor, ní foláir, atá lán den mhíréasún réasúnta sin a bhí mar bhua riamh ag cuid de na filí is fearr agus is fóintí i nuafhilíocht na Gaeilge.
133 As tionscadal fada de chuid Guégant agus an Bhreathnaigh a d'eascair an saothar. Le linn tréimhse cúig bliana, spreag siad a chéile chun gnímh trí mhalartú scríbhinní agus pictiúr, trí litreacha, trí thraiseoladh smaointe agus trí chastáil ar a chéile dhá uair sa bhliain.
134 Tugann siad cúl do thraidisiúin sheanbhunaithe filíóchta, aistriúcháin agus seanchais na nGael, ag gluaiseacht ó fhilíocht na mbard go Spaghetti Westerns, ó na Mississippi blues go hamhráin ar an sean-nós, agus ar ais arís, turas a osclaíonn amach agus a chuimsíonn an próiseas cruthaitheach féin.
135 Faightear plé sa chnuasach nua ar Dhia, an dúlra, nádúr na filíochta, an choimhlint idir an sean agus an nua, an ceangal idir an dúchas agus an domhan mór maille le cur síos ar ghrá an fhile dá ceantar dúchais, Corca Dhuibhne. I gCorcaigh a rugadh Bríd Ní Mhóráin, ach is i gCiarraí a tógadh í.
136 Leabhar agus dlúthdhiosca atá sa chnuasach seo. Cleamhnas is ea é idir filíocht, ceol agus ealaín. Ina lár istigh tá sraith pictiúirí le Kathleen Furey a léiríonn an tslí go dtréigeann dathanna an tsaoil orainn tréis bhás duine muintire, is gur cuma sa tsioc leis an nádúr ár mbriseadh croí.
137 Ar a shon san, agus dár mbuíochas féin ar uairibh, tosnaíonn dóchas flannbhuí agus glasuaine ag sileadh isteach sna pictiúirí mar a shileann siad isteach i gcroí an duine, leis, tréis a chuid bróin. An fear atá ag labhairt linn sna dánta, tá sé ar thairseach na meánaoise.
138 Agus fós, ní féidir an dóchas a shileann isteach tré pholl beag sa chroí a bhac. Is maisiú breise ar an leabhar an ceol cumasach atá curtha ag an máistirphíobaire Ronan Browne le cuid de na dánta, ceol atá borb, brúidiúil, leochaileach, soghonta, cúthaileach, crosta, díreach ar nós na ndánta féin.
139 Tá scéalta anseo gur gearrscéalta traidisiúnta iad nach mór, ach níhea ina dhiaidh sin. Scéalta eile ar píosaí filíochta iad le ceart, nínach ionadh. Scéalta a bhfuil a mbuille san eireaball, agus scéalta arb ían chaint a mbuaic. Cnuasach uathúil pléisiúrtha nach gann ar ghaois.
140 Sna blianta deireanacha dá shaol, scríobh Seán Ó Riodáin sraith aistí próis don Irish Times a raibh clú forleathan orthu. Choinnigh sé dialann i rith a shaoil freisin ina bhfuil cuid den phrós is scáfair dár scríobhadh riamh sa Nua-Ghaeilge, dar lena bheathaisnéisí, Seán Ó Coileáin.
141 Geallann an t-údar go mbainfidh an dráma nua seo corrscairt gháire amach ach go mbeidh sé chomh dóichí céanna de an deoir a bhogadh faoin tsúil ag duine ar bith gur cás leo an éagóir, an cur i gcéill agus an sciúirseáil a fuair daoine óga in ainm an athar le blianta fada.
142 Jude is teideal do dhráma nua le Micheál Ó Conghaile, a dhíríonn ar Jude, bean láidir, stuama nach léir mórán taise a bheith ag baint léi. Imríonn sí cos ar bolg ar a muintir, rud a fhágann go bhfuil a caidreamh lena máthair, lena fear céile agus lena hiníon ar an bhfaraor géar.
143 Iomaíocht ghéar atá i ndán do Tommy, áfach, nuair a shoilsítear dúinn go bhfuil an dallamullóg curtha aige ar an bpobal, agus scata carachtar greannmhar, trodach ag cur leis an aicsean! Incubus le Caitríona Ní Chonaola is teideal don tríú dráma, suite in ospidéal síciatrach.
144 Is beag aird a tugadh ar Phádraic Ó Conaire mar dhrámadóir go nuige seo, cé go bhfuil clú agus cáil air mar ghearrscéalaí. Seo bailiúchán de na drámaí a scríobh sé, ina measc, Na Gaiscígh, nár foilsíodh riamh cheana. Tá dhá ghearrscéal ar bhunaigh Ó Conaire drámaí orthu sa leabhar freisin.
145 Rianaítear saothar cruthaitheach agus saothar dioscúrsúil bhlianta luatha na hAthbheochana d'fhonn teacht ar na tionchair agus na himpleachtaí ba bhunchloch le hidéalú na gceantar Gaeltachta ag tús na haoise seo caite. Saothar ceannródaíoch tráthúil agus todhchaí na Gaeltachta á plé.
146 Tugann údair na n-aistí léargas cuimsitheach ar shaothar filí éagsúla agus rianaíonn na príomhléamha critice a rinneadh ar an fhilíocht sin go dtí seo. Saothar tábhachtach tagartha é seo do mhic léinn agus do scoláirí a bhfuil suim acu i bhfilíocht chomhaimseartha na Gaeilge.
147 Is é an sprioc a bhaineann leis ná filí ár linne agus a saothar a chur in aithne do léitheoirí nua agus do ghlúin úr mac léinn. Tá sé dírithe ar lucht teagaisc agus foghlama ar an tríú leibhéal mar aon le léitheoirí sa ghnáthphobal ar mhaith leo blaiseadh d'fhilíocht chomhaimseartha na Gaeilge.
148 Bhí dhá chuspóir roimh Antain Mac Lochlainn agus é ag gabháil don leabhar seo: díolaim a chur ar fáil do lucht na Gaeilge a bheadh cosúil leis an Oxford Dictionary of Quotations agus léargas a thabhairt ar an éacht aistriúcháin atá déanta ag aistritheoirí Gaeilge ó thús na hathbheochana.
149 Ríomhtar na téiseanna critice, na saothair éagsúla litríochta agus léirmheastóireachta ó údair aitheanta an fichiú haois; an téarmaíocht agus an eagarthóireacht a shaibhríonn a leithéid de staidéar, mar aon le meon sochtheangeolaíoch agus fealsúnacht na dtréimhsí inar scríobhadh iad.

Связаться
Выделить
Выделите фрагменты страницы, относящиеся к вашему сообщению
Скрыть сведения
Скрыть всю личную информацию
Отмена